An líon measta fón cliste atá cumasaithe do Galileo a díoladh go dtí an lá inniu.

Níl d'fhón cliste leis féin, faigh amach cad
iad na gléasanna eile atá Galileo-chumasaithe.

Loading...
travel

Cúnamh taistil

Tá tú ar saoire i gcathair nua nuair a tharlaíonn tubaiste. Bíonn éigeandáil sláinte scanrúil do gach duine, go háirithe nuair nach dtuigeann tú cá bhfuil tú go díreach. Laghdaíonn cruinneas breise Galileo na hagaí freagartha, agus gach nóiméad luachmhar. Fón agus Galileo air – cúnamh árachais taistil sa bhreis, in éineacht leat i gcónaí.

Missed Match

Céile caillte

B’fhéidir gur aimsigh d’aip gheandála an duine ceart duit, ach tugann do léarscáil fóin chuig an bpointe cruinnithe mícheart thú. Anois, leis an ardbheachtas a sholáthraíonn Galileo, is féidir leat slán a fhágáil le meaitseanna caillte. Le fón atá Galileo-chumasaithe, is féidir leat svaidhpeáil ar dheis agus an Fear Ceart nó an Bhean Cheart a fháil!

 

picnic

An bealach fada chuig áit phicnice

Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, tá sceitimíní ar na leanaí - nach mbeadh picnic go deas inniu. Páirceálann tú an carr san fhoraois agus tosaíonn sibh ag siúl agus sibh sa tóir ar áit dheas le picnic a bheith agaibh ann. Ach, cailleann na siúlóirí is fearr fiú an tslí san fhoraois, ansin bíonn cuma an mharatóin ar an lá suaimhneach a bhí beartaithe agat sula i bhfad. Bheadh an tsiúlóid dheacair san fhoraois sin ina turas deas éasca má chuireann tú cruinneas breise Galileo i do chiseán picnice.

Matrimonial Miss

Déanach agus Caillte

Tá tú gléasta go deas agus réidh le himeacht. Níl romhat ach tiomáint álainn faoin tuath agus beidh tú ag ceiliúradh le do chairde. Ach, is cíor thuathail iad na bóithre tuaithe sin, agus níl tú ach ag tiomáint i gciorcal. Níor chóir go mbeadh an tiomáint strusmhar - fág é sin le Galileo agus sroichfidh tú an chóisir in am!

beach

Tarrtháil ar an Trá

D’fhéadfadh foshruth láidir tú a chur i mbaol agus tú ag snámh. Ach tá cabhair ar an mbealach. Má ghlaonn tú ar 112, seolann Galileo na seirbhísí éigeandála díreach chugat go tapa, mar is é is cruinne! Galileo – beathaí á sábháil ag satailítí na hEorpa.

Accuracy Always Matters: Get it right!

Accuracy Always Matters: Get it right!

It’s Saturday night at your favorite restaurant and you’re ready to enjoy the finest experience when all of a sudden...

Lost in Love

Caillte sa ghrá

I gcúrsaí grá, faoi mar atá i réimsí eile an tsaoil, tá cruinneas tábhachtach. Leis an ardbheachtas a sholáthraíonn Galileo cinnteofar go n-aimseoidh saighead Cupid a sprioc gach uair - agus cosnóidh sé thú ar rud ar bith a thiocfadh aniar aduaidh ort.

Escapade

Ag éalú ar son an Ghrá

Peataí – tá siad mar chomhluadar dúinn agus cuireann siad lenár saolta. Ach is deacair an rud é smacht a choinneáil ar mhadra atá i ngrá – agus é glic, ceanndána agus díocasach. Mar sin féin, ná bí buartha - cabhróidh cruinneas breise Galileo leat súil a choinneáil ar an bpeata is rómánsúla fiú.

wheels

Accuracy Matters on 2 Wheels

Whether you are aspiring to be the next winner of the #TDF2019 or just dusting off you bike, with Galileo you have access to enhanced precise positioning and navigation to keep you on track. Stay ahead of the pack; make sure you have Galileo’s added accuracy in your phone!

Autonomous Driving powered by Galileo

Autonomous Driving powered by Galileo

What was some years ago science fiction will soon become reality. Autonomous driving will revolutionize life as we know it by shaping the future of transport. Driver-less cars promise to open up mobility options for people with impairments and ageing populations, reduce car accidents and even free up the space wasted in parking. Galileo's increased accuracy is a key component to this revolution.

Lost in Navigation

Caillte sa loingseoireacht

Agus tú ag iarraidh teacht ar ionad i gcathair choimhthíoch, ag fánaíocht síos cathair ghríobháin de shráideanna beaga casta, is féidir leis a bheith éasca dul ar strae.Ach ná bí buartha - leis an gcruinneas breise a sholáthraíonn Galileo beidh tú ábalta dul cibé áit ar mian leat, gan a bheith ort dul i muinín an phobail áitiúil rothaithe chun cuidiú a fháil!

Forest

Cúnamh san Fhoraois

Ní gá gur tubaiste é titim agus tú san fhoraois. Agus Galileo ar an bhfón agat, tuigfidh na seirbhísí éigeandála cá bhfuil tú go díreach ach glaoch ar 112. Mar sin, má théann tú ag rith, ná déan dearmad uisce a ól agus Galileo a bhreith leat ar an bhfón!

rain

Ag fanacht sa bháisteach

Cuireann tú do thuras in airithe agus dearbhaíonn tú an pointe tógála. Ach i ndiaidh cúpla nóiméad tiomáineann do thacsaí díreach tharat – ag fágáil san fhearthainn tú! Ná bí buartha – cuideoidh Galileo leat. Leis an gcruinneas breise agus leis an mbeachtas feabhsaithe a sholáthraíonn Galileo, tiocfaidh an tacsaí chugat i gcónaí.

thelongwait

An fanacht fada

Níl aon rud níos mírathúla ná seirbhís seachadta atá mall. Agus do bholg ag tormán, níl rud ar bith is féidir leat a dhéanamh ach fanacht go dtiocfaidh do bhia a bheidh fuar anois. A bhuíochas leis an gcruinneas breise a sholáthraíonn Galileo, is féidir le tiománaithe seachadta do sheoladh a aimsiú go gasta – agus cinnte a dhéanamh de go dtiocfaidh do phíotsa go gasta, go mbeidh sé te agus réidh le hithe.