Roghchlár tapa:

 

Cad iad fianáin?

Chun feidhmiú ár suímh gréasáin a éascú féadfaimid – faoi réir thoiliú na gcuairteoirí – comhaid bheaga sonraí ar a dtugtar ‘fianáin’ a chur ar d’fheiste leictreonach.

Is éard atá sna fianáin ná píosaí téacs arna nginiúint ag na seirbhísí gréasáin ar thug úsáideoir cuairt orthu; is féidir leis na suíomhanna gréasáin a bhfuil siad ag tabhairt cuairt orthu faoi láthair na comhaid téacs seo a shuiteáil ar fheistí na n-úsáideoirí ("fianáin chéadpháirtí") nó is féidir le suíomh gréasáin difriúil seachas an suíomh a bhfuil siad ag tabhairt cuairt air faoi láthair é sin a dhéanamh ("fianáin tríú páirtí").

Anseo thíos is féidir leat eolas a fháil maidir leis an rogha glacadh leis na fianáin nó diúltú do na fianáin, na cineálacha fianán atá in úsáid ar ár suíomh gréasáin agus an cuspóir atá leo.

Gheobhaidh tú faisnéis chomh maith maidir leis an bhféidearthacht gan glacadh le fianáin a úsáid a thuilleadh (má roghnaigh tú roimhe seo glacadh leo).

 

Conas a bhainimid úsáid as fianáin?

Ar an suíomh gréasáin úsáidtear na cineálacha fianán seo a leanas: 'fianáin sheasmhacha chéadpháirtí', 'fianáin seisiúin' agus 'fianáin meán sóisialta'.

Is féidir le «fianáin sheasmhacha chéadpháirtí» an fhaisnéis seo a leanas a rianú maidir leis na cuairteoirí ar ár suíomh gréasáin:

  • Seoladh IP (ar bhonn anaithnid)
  • Suíomh: tír, réigiún, cathair, neas-domhanleithead agus neas-domhanfhad (Geoshuíomh)
  • Dáta agus am na hiarrata (an chuairt ar an suíomh)
  • Teideal an leathanaigh a bhfuiltear ag féachaint air (Teideal an Leathanaigh)
  • URL an leathanaigh a bhfuiltear ag féachaint air (URL an Leathanaigh)
  • URL an leathanaigh ar féachadh air roimh an leathanach reatha (URL Tagróra)
  • An taifeach scáileáin ar fheiste an úsáideora
  • An t-am i gcrios ama áitiúil chuairteora
  • Comhaid a rinneadh a chliceáil agus a íoslódáil (Íoslódáil)
  • Naisc chuig fearann lasmuigh agus a cliceáladh (Nasc Amach)
  • Aga giniúna na leathanach (an t-am a thógann sé le leathanaigh ghréasáin a ghiniúint ag an bhfreastalaí gréasáin agus ansin iad a íoslódáil ag an gcuairteoir: Luas na leathanach)
  • Príomhtheanga an bhrabhsálaí atá á úsáid (Ceanntásc Glac-Teanga)
  • An leagan den bhrabhsálaí, breiseáin bhrabhsálaí (PDF, Flash, Java, ...) an leagan den chóras oibriúcháin, aitheantóir feiste (Ceanntásc Úsáideora-Gníomhaire)
  • Teanga an leathanaigh a bhfuiltear ag tabhairt cuairt air
  • Feachtais
  • Cuardach an tSuímh
  • Imeachtaí

Ní roinnfear na sonraí le haon eagraíocht eile chun críocha margaíochta, taighde margaidh nó tráchtála. Thairis sin, ní féidir na sonraí thuasluaite a úsáid chun cuairteoir ar leith a shainaithint.

Cruthaíonn an suíomh gréasáin fianáin ‘chéadpháirtí’ agus cumasaítear leo:

  • feidhmiú ceart an tsuímh gréasáin;
  • GSA le staitisticí a bhailiú chun feidhmeanna an tsuímh gréasáin a fheabhsú – chun na críche seo, úsáideann GSA Google Analytics (tá tuilleadh eolais ar fáil thíos);
  • feidhmeanna comhroinnte meán sóisialta.

'Ciallaíonn 'seasmhach' ' go dtéann na fianáin seo in éag tar éis trí mhí déag (13); ina dhiaidh sin baintear iad go huathoibríoch d’fheiste an úsáideora.

Ní bhíonn aon sonraí i bhFianáin ‘Seisiún’ – socraítear iad ar feadh seisiún aonair de chuid an úsáideora (am a chaitear ag brabhsáil ar an suíomh gréasáin). Tá na fianáin seo de dhíth chun rogha an chuairteora a choinneáil nuair a théann sé/sí ar an suíomh gréasáin.

Fianán meán sóisialta’: Tá GSA gníomhach ar cheithre ardán de chuid na meán sóisialta. Neartaíonn ár láithreacht i bpobail Twitter, Facebook, YouTube agus LinkedIn an láithreacht atá againn agus an fheiceáil atá orainn ar líne.

  • Ní shuiteálann an suíomh gréasáin fianáin ina dtaispeántar naisc chuig ár gcainéil meán sóisialta nuair a bhrabhsálann tú ar ár suíomh gréasáin;
  • Is féidir leat féachaint ar fhíseáin de chuid GSA, a uaslódálaimid (a leabaímid) ónár leathanach YouTube. Is féidir leat naisc a leanúint ónár suíomh gréasáin freisin chuig Twitter, Facebook agus LinkedIn;
  • Tá físeáin GSA ar ár suíomh gréasáin leabaithe ónár gcainéal YouTube, agus an modh príobháideachais fheabhsaithe casta air. Dá thoradh seo is féidir físeáin a leabú ónár gcainéal YouTube ar ár suíomh gréasáin gan fianáin a úsáid;
  • Comhlíonann na físeáin a fheictear ar ár gcainéal YouTube beartas príobháideachais agus beartas fianán YouTube féin – níl aon smacht againne ar na beartais sin. Ní dhéantar aon fhianáin a shuiteáil ó YouTube go dtí go n-aontaíonn tú le fianáin ó YouTube;
  • Mar an gcéanna, trí chliceáil ar an gcnaipe Facebook nó LinkedIn ar ár suíomh gréasáin, déanfar thú a atreorú chuig suíomhanna LinkedIn agus Facebook, a bhfuil a gcuid beartas príobháideachais agus fianán féin acu – beartais nach bhfuil aon smacht againne orthu;
  • Agus ár bhfothú Twitter á thaispeáint ar an suíomh gréasáin seo, baintear úsáid as comhpháirt atá saor ó fhianáin. Trí chliceáil ar an deilbhín Twitter ar an suíomh gréasáin seo, atreorófar thú ar ais chuig suíomh Twitter, a bhfuil a chuid beartas príobháideachta agus fianán féin aige – beartais nach bhfuil aon smacht againne orthu.

 

Roghnú glacadh le fianáin

Nuair a dhéantar an suíomh gréasáin a rochtain den chéad uair, tugtar rogha don chuairteoir glacadh leis na fianáin (“Tá go maith, aontaím”) nó diúltú (“Diúltaigh do na fianáin”) do na fianáin a shuiteáil.

Glacadh le fianáin: Trí chliceáil ar an rogha seo, tugann an cuairteoir cead na fianáin go léir a shuiteáil le haghaidh:

  • Feidhmiú optamach an tsuímh gréasáin
  • Feidhm na comhroinnte meán sóisialta
  • Bailiú staitisticí

Diúltaigh fianáin: Trí chliceáil ar an rogha seo, ní thoilíonn an cuairteoir le haon cheann de na fianáin thuasluaite a shuiteáil. Sa chás seo, ní shuiteáiltear ach fianán seisiúin. Is fianán teicniúil é seo; is é an phríomhchuspóir atá leis ná an rogha a rinne an cuairteoir a mheabhrú. Suiteáiltear an fianán seo ar feadh thréimhse sheisiún an úsáideora (an t-am a chaitear ag brabhsáil an tsuímh gréasáin) agus scriostar é go huathoibríoch nuair a thagann deireadh leis an seisiún sin. Má roghnaíonn tú gan glacadh le fianáin, ní chuirtear aon bhac ort agus tú ag nascleanúint ar an suíomh gréasáin.

Ní dhearnadh aon rogha: Mura nglacann cuairteoir le fianáin ach nach ndiúltaíonn sé/sí dóibh ach oiread, measann an suíomh gréasáin gurb ionann é seo agus diúltú d'fhianáin a shuiteáil agus cuirtear na feidhmeanna gaolmhara go léir ar fionraí go dtí go ndéantar rogha. Ní chuirtear fianáin ar bith ar fheistí cuairteoirí, mura dtugtar cead trí chliceáil ar an rogha “Tá go maith, aontaím”.

 

Roghnú gan glacadh le fianáin

I gcás go bhfuil rogha déanta ag cuairteoir glacadh le fianáin a shuiteáil, is féidir an cinneadh sin a athrú i gcónaí agus an rogha a dhéanamh gan glacadh le fianáin. Chun an rogha a dhéanamh gan glacadh le fianáin, ní mór do chuairteoirí na fianáin go léir a scriosadh dá mbrabhsálaí. Má dhéanann tú é seo, áfach, b'fhéidir go gcaithfeá roinnt sainroghanna a choigeartú de láimh gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh, agus b’fhéidir go mbeadh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí ann nach n-oibreodh mar is ceart. Ní hionann go hiomlán an córas atá ag gach brabhsálaí – féach roinnt samplaí thíos:

  • I gcás Chrome, téigh go dtí: Socruithe> Príobháideachas agus Slándáil> Glan sonraí brabhsála > Roghnaigh "Fianáin agus sonraí eile ar an suíomh"
  • I gcás Internet Explorer, téigh go dtí: Sábháilteacht> Scrios an Stair Bhrabhsála > Roghnaigh "Fianáin agus meáin suímh gréasáin” > Cliceáil "Scrios"
  • I gcás Microsoft Edge, téigh go dtí: Socruithe> Glan Sonraí Brabhsála > Roghnaigh "Fianáin agus sonraí suíomh gréasáin sábháilte"> Cliceáil "Glan".
  • I gcás Firefox, téigh go dtí: Roghanna> Príobháideachas agus Slándáil> Fianáin agus Sonraí Suímh> Cliceáil "Glan sonraí”
  • I gcás Safari, téigh go dtí: Sainroghanna> Príobháideachas> Fianáin agus sonraí suímh gréasáin> Cliceáil "Bainistigh Sonraí an tSuímh Gréasáin" (Mac) nó "Bain Gach Sonra Suímh Gréasáin". (Windows),> Roghnaigh "Bain Uile" chun na fianáin go léir a scriosadh.

Chun tuilleadh a fhoghlaim maidir le fianáin a scriosadh i mbrabhsálaithe éagsúla, féach https://www.aboutcookies.org/

 

An rogha ‘Ná rianaigh’

Leis an rogha ‘Ná rianaigh’, cumasaítear do chuairteoirí a roghnú nach rianófar iad le suíomhanna gréasáin ar chúis ar bith, lena n-áirítear seirbhísí anailísíochta, líonraí fógraíochta agus ardáin shóisialta a úsáid. Is féidir an rogha 'Ná rianaigh' a chumasú go díreach i do bhrabhsálaí gréasáin. Ní dhéanfaidh Google Analytics rianú ar úsáideoirí a chumasaíonn an rogha seo ina mbrabhsálaithe gréasáin.

 

Google Analytics

Úsáideann láithreán gréasáin GSA Google Analytics chun faisnéis na gcuairteoirí a thuairiscítear thuas a rianú. Chun na críche sin, déantar na sonraí thuasluaite a bhailítear trí fhianáin (más rud é gur ghlac úsáideoir le fianáin) a tharchur chuig Google Inc. Déanann láithreán gréasáin GSA anaithnidiú ar sheoltaí IP na gcuairteoirí sula ndéantar iad a tharchur chuig Google Inc; cosnaíonn sé sin anaithnideacht na gcuairteoirí a roghnaigh feidhmiúlachtaí iomlána an láithreáin ghréasáin. Ní dhéantar an t-aistriú chuig tíortha neamh-AE ach amháin tar éis anaithnidiú a dhéanamh.

Tá gné rialaithe coinneála sonraí curtha chun feidhme ag Google Analytics. Leis an ngné seo tá an tsolúbthacht ag úinéirí suíomhanna gréasáin tréimhse choinneála a shainiú do na sonraí a stóráiltear laistigh den chuntas Google Analytics. Tá GSA tar éis tréimhse choinneála 26 mí a roghnú; déantar sonraí i ndiaidh na tréimhse sin a scriosadh de fhreastalaithe Google.