Ráiteas príobháideachais maidir le cosaint sonraí pearsanta i dtaca leis an bhfoirm teagmhála ar líne atá le fáil ar www.useGalileo.eu

Déileálfar leis na sonraí pearsanta ar fad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 faoi láthair).

San fhógra faisnéise seo a leanas maidir le cosaint sonraí, déantar cur síos ar na critéir trína ndéantar na sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid i ndáil leis an bhfoirm theagmhála ar líne ar shuíomh gréasáin GSA www.usegalileo.eu.

Céannacht an Rialaitheora Sonraí agus an Oifigigh Chosanta Sonraí:

Rialaitheoir: An Ghníomhaireacht Eorpach um Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte (GSA), Ceann na Roinne Cumarsáide; com@euspa.europa.eu

OCS: An Ghníomhaireacht Eorpach um Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte (GSA), Oifigeach Cosanta Sonraí; dpo@euspa.europa.eu

Cuspóir na próiseála:

Is é cuspóir na próiseála ná freagra a sholáthar ar na ceisteanna a chuireann úsáideoirí gréasáin isteach.

Sonraí/Catagóirí na sonraí lena mbaineann:

Ainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, an chúis a ndearnadh teagmháil leis an GSA agus teachtaireacht chuig an GSA (bosca saorthéacs)

Faighteoirí/Catagóirí fhaighteoirí na sonraí a phróiseáiltear:

Tugtar rochtain ar na sonraí pearsanta ar bhonn an phrionsabail 'riachtanais eolais' maidir le:

  • líon teoranta d’fhoireann GSA a bhainistíonn foirm theagmhála an láithreáin ghréasáin;
  • próiseálaithe sonraí: Fostaíonn GSA na conraitheoirí seachtracha a leanas atá faoi cheangal ag rialacha um chosaint sonraí pearsanta atá comhionann leis na rialacha is infheidhme maidir leis an GSA:
    1. líon teoranta d’fhoireann na gconraitheoirí GSA atá i gceannas ar sheirbhísí cumarsáide.
    2. líon teoranta d’fhoireann na gconraitheoirí GSA atá i gceannas ar sheirbhísí óstála a chur ar fáil d’fhreastalaithe an GSA.

Cuirfear i gcuimhne d'aon fhaighteoir an dualgas atá air/uirthi gan na sonraí a fhaightear a úsáid ach amháin chun críocha dár tarchuireadh iad.

Bunús dlíthiúil/Dlíthiúlacht na próiseála:

Tá an phróiseáil bunaithe ar thoiliú an duine is ábhar do na sonraí (Airt. 5(1)(d) de Rialachán 2018/1725): tugann daoine is ábhar do na sonraí a dtoiliú gan athbhrí do phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta tríd an bhfoirm thoilithe a líonadh isteach agus a chur isteach, ar céim éigeantach í chun an fhoirm theagmhála ar líne a chur isteach.

Eolas ar thréimhse choinneála na sonraí pearsanta:

  • Coimeádtar sonraí pearsanta chomh fada agus is gá bearta leantacha a dhéanamh i leith an ríomhphoist ach tráth nach faide ná trí mhí ón dáta a cuireadh an ríomhphost isteach.
  • Stóráiltear sonraí pearsanta go leictreonach ar fhreastalaithe na gconraitheoirí GSA thuasluaite, atá lonnaithe san AE agus atá ag cloí leis na forálacha slándála is gá.

Cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí:

Tá sé de cheart ag na daoine is ábhar do na sonraí:

  • dearbhú a fháil i dtaobh an bhfuil a chuid sonraí pearsanta á bpróiseáil nó nach bhfuil, rochtain a fháil ar na sonraí agus faisnéis mhionsonraithe a fháil maidir leis an bpróiseáil;
  • go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne;
  • go ndéantar sonraí pearsanta a léirscriosadh más rud é go gcomhlíontar na forálacha reachtúla;
  • srian a chur le próiseáil más rud é go gcomhlíontar na forálacha reachtúla;
  • chun iniomparthacht sonraí;
  • an toiliú maidir le próiseáil sonraí pearsanta a tharraingt siar tráth ar bith gan tionchar a imirt ar dhlíthiúlacht na próiseála sula ndéantar an toiliú a tharraingt siar;
  • gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí ag EDPS@edps.europa.eu má mheasann siad nach gcomhlíonann na hoibríochtaí próiseála Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Seolfar aon iarratas chun aon cheann de na cearta thuasluaite a fheidhmiú chuig an Roinn Cumarsáide GSA ag com@euspa.europa.eu; iarrtar ar dhaoine is ábhar do na sonraí a gcuid iarratas a thuairisciú go soiléir. 

Seolfar aon iarratas chun aon cheann de na cearta thuasluaite a fheidhmiú chuig an Roinn Cumarsáide GSA ag com@euspa.europa.eu; iarrtar ar dhaoine is ábhar do na sonraí a gcuid iarratas a thuairisciú go soiléir.

Eolas teagmhála:

  • Maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta: com@euspa.europa.eu.
  • Maidir le léiriú, cur i bhfeidhm nó sárú ar Rialachán (CE) 2018/1725: Oifigeach Cosanta Sonraí GSA (DPO) ag dpo@euspa.europa.eu .